Tar éis duit foghlaim conas measúnú riosca a dhéanamh ar do chleachtas maidir le tine a úsáid le leanaí, conas é a phleanáil, a chur i bhfeidhm agus conas tacú leis, tá sé in am na scileanna seo a úsáid le cás-staidéar nua.
Tugann an scéal seo deis duit machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil an tseirbhís tar éis tine a chomhtháthú ina cleachtas laethúil — ní mar ghníomhaíocht aonuaire amháin, ach mar eispéireas comhroinnte a bhí in ann muinín, nasc agus pobal a chothú.

Agus tú ag léamh, smaoinigh ar:
  • Cé na rudaí a bhfuil ag éirí go maith leo sa tseirbhís
  • Cé na dúshláin nó na rioscaí atá fós ann, dar leat
  • Cé na bealaí gur féidir cur chuige mar seo a oiriúnú i do shuíomh féin

Maidin Fhuar a chuir Tús leis

Maidin fhuar amháin san fhómhar, tháinig grúpa beag leanaí le chéile amuigh faoin aer agus thosaigh siad ag caint faoi chomh fuar is a bhí a lámha. Mhol leanbh amháin, “D’fhéadfaimis tine a dhéanamh chun téamh suas, mar a dhéanann mo theaghlach agus muid ag campáil!”

Tharraing an méid a dúradh aird an oideachasóra, a chonaic deis foghlama i bhfiosracht nádúrtha na leanaí. In ionad an smaoineamh a dhiúltú, thosaigh sí ag comhrá leo — Céard atá uainn chun tine a dhéanamh? Conas is féidir linn fanacht slán? Cén úsáid a bheadh againn as an tine?

D'eascair comhrá as an bplean.

Pleanáil le haghaidh Tine

Níos déanaí an tseachtain sin, tharraing an t-oideoir an smaoineamh anuas ag an gcruinniú foirne. Bhí plé acu le chéile ar conas déileáil go sábháilte le tine leis na leanaí. Rinne siad athbhreithniú ar bheartais, rinne siad measúnuithe riosca a nuashonrú, agus phleanáil siad taispeántas beag tine rialaithe.

Bhí an chéad tine simplí — taechoinneal i gcanna stáin. Bhreathnaigh na leanaí ar an lasair ag preabarnach agus d’fhoghlaim siad go dteastaíonn ocsaigin, breosla agus teas ón tine. Rinne siad cleachtadh ar ghaineamh agus uisce a úsáid chun é a mhúchadh go sábháilte.

Le himeacht ama, chruthaigh na hoideoirí agus na leanaí rialacha sábháilteachta le chéile, amhail:
  • ““Fanaimid inár suí lenár dtóin ar an talamh.”
  • "Ní rithimid in aice leis an tine choíche."
  • "Bíonn buicéad uisce / gainimh in aice láimhe againn i gcónaí."

Neartaíonn sé seo braistint úinéireachta agus freagrachta na leanaí.

Ó Fhoghlaim faoi Thine go Cócaireacht le Chéile

Nuair a bhí gach duine compordach agus muiníneach, shocraigh an fhoireann dul níos faide leis. Thosaigh siad ag cócaireacht lasmuigh — beagán ar bheagán, le tósta agus leamhacháin, sular thriail siad cúpla oideas simplí.

Ba í an chócaireacht buaicphointe na seachtaine roimh i bhfad. Bhí boladh aráin gridille agus caora san aer, agus thosaigh na páistí ag iarraidh cócaireacht a dhéanamh dá chéile.

Gach seachtain, rinne grúpa difriúil rud éigin nua a phleanáil agus a ullmhú:

  • Arán gridille déanta le plúr agus bainne / bláthach
  • Pancóga corcra le sméara dubha brúite
  • Leite te le mil
  • Anraith glasraí ag baint úsáide as luibheanna ón ngairdín

Aoine Cois Tine: Bua do Chách

Spreag rath na seisiún seo an fhoireann ar fad. Mhol an bainisteoir go ndéanfaí traidisiún rialta de — “Aoine Cois Tine."

Gach Aoine, rinneadh spás te teolaí fáilteach le neart obair foirne agus foghlama comhroinnte den láthair lasmuigh. Tháinig oideoirí, leanaí, agus fiú tuismitheoirí a bhí ar cuairt, le chéile timpeall na tine chun cócaireacht a dhéanamh, scéalta a roinnt, agus machnamh a dhéanamh ar an tseachtain.

Ghlac an fhoireann ar fad páirt — ó chur ar bun agus lasadh na tine, go taifeadadh foghlama agus tacú le comhráite faoi shábháilteacht, inbhuanaitheacht agus bia.
Trí chéile, d’éirigh gach duine níos muiníní agus níos cumasaí ag tacú le spraoi agus foghlaim cois tine.

Eispéireas Foghlama Beo

Bhí i bhfad Éireann níos mó i gceist le “Aoine Cois Tine” ná an chócaireacht amháin.
Bhí na páistí ag plé leis an eolaíocht (conas a dhóitear agus a athraíonn ábhair), matamaitic (comhábhair a thomhas), agus teanga agus litearthacht (biachláir agus oidis a scríobh).

Labhair siad freisin faoi inbhuanaitheacht — cá as a dtagann adhmad, cén fáth nach n-úsáidimid ach craobhacha tite, agus conas a léirímid meas ar an dúlra.

Bhí an tine ina huirlis foghlama, ceangail agus muintearais.
Ní faoin teas amháin a bhí sé anois, ach faoin bpobal.

Ceisteanna Machnamhacha

  1. Cé na rudaí a d'oibrigh go maith?
    • Cé na cleachtais a thacaigh le muinín, neamhspleáchas agus fiosracht leanaí maidir le tine?
    • Cén chaoi a chuir obair foirne agus freagracht chomhroinnte le sábháilteacht agus rathúlacht?
  2. Eispéireas na Leanaí:
    • Cén chaoi, dar leat, ar bhraith na leanaí le linn "Aoine Cois Tine"?
    • Cén cineál foghlama a tharla, dar leat — praiticiúil, mothúchánach, sóisialta, nó gach ceann acu?
  3. Riosca agus Freagracht:
    • Cé na dúshláin nó na rioscaí a bhfuil tuilleadh machnaimh le déanamh orthu, dar leat?
    • Conas is féidir leis an bhfoireann sábháilteacht a chinntiú agus taiscéalaíocht faoi stiúir an linbh a chothú san am céanna?
  4. Inbhuanaitheacht agus Machnamh:
    • Cén chaoi a nascann an cleachtas seo le luachanna Aistear maidir le hIonadh, Fiosracht, agus Ómós Áite?
    • Cén ghné den phróiseas a d’fhéadfá a oiriúnú nó a fhorbairt i do shuíomh féin?