D’fhoilsigh Tusla, an comhlacht rialála don earnáil, “Nuair a bhíonn an Díon sa Spéir” (2023), treoirdhoiciméad a bhaineann leis an gcleachtas amuigh faoin aer amháin. Áirítear ina dtreoir conas poll tine a úsáid go sábháilte le leanaí agus is léargas tábhachtach é ar an gcaoi a bhfuil an earnáil agus an tír ina hiomláine ag glacadh go cultúrtha le cleachtais a bhí tabú nó “ró-rioscúil” sna blianta roimhe seo.
Ar leathanach 22, leagtar amach ann nach mór d’oideoirí bearta a chur i bhfeidhm lena n-áirítear cuspóir tine, suíomh na tine, bearta chun teorainneacha tine a mhúineadh chomh maith le conas an tine a mhúchadh go cuí. Tabharfaidh an clár seo na scileanna praiticiúla duit atá riachtanach ionas go mbeidh do chleachtas i gcomhréir le treoir Tusla agus ar ardchaighdeán agus tú ag iniúchadh tine le leanaí.

Má bhíonn sé níos forleithne scileanna lasadh tine a mhúineadh sna blianta tosaigh, conas a d’fhéadfaimis smaoineamh ar an gcleachtas seo a spreagadh nuair is féidir leis a bheith chomh díobhálach don chomhshaol?
Trí thacú le cleachtais dóiteáin atá bunaithe ar inbhuanaitheacht agus cúram don dúlra, seachas féachaint ar an dúlra mar acmhainn le foghlaim uaidh, is féidir le hoideoirí agus le páistí foghlaim go bhfuil cuspóir le húsáid tine (chun scileanna a mhúineadh, le haghaidh teasa, le haghaidh solais, le haghaidh cócaireachta) agus gur féidir é a chleachtadh ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. In ionad múineadh do pháistí conas tine a lasadh toisc go bhfuil sé spraíúil, múin dóibh é a úsáid chun críche – Pléigh cásanna le páistí chun cabhrú leo measúnú a dhéanamh ar cibé an bhfuil gá le tine a lasadh ina dtimpeallacht.
Fiafraigh díobh:
An bhfuil tine ag teastáil uainn inniu?
An bhfuil sé fuar go leor le tine a lasadh?
An bhfuil tine ag teastáil uainn chun ár mbia a chócaráil?
An bhfuil sé ag éirí ró-dhorcha? An féidir linn gan tine a lasadh inniu?
Má shocraíonn tú féin agus na leanaí gur gá tine a lasadh chun scileanna a fhoghlaim, le haghaidh teasa, solais nó cócaireachta, tá sé ríthábhachtach tuiscint a fháil ar conas tine atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a lasadh. Éistimis le Niki agus í ag míniú céard atá i gceist le tine atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus conas is féidir leis cabhrú le leanaí iompraíochtaí agus nósanna atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a fhoghlaim.
Cabhraíonn múineadh scileanna dóiteáin le hoideoirí agus le leanaí a fháil amach cén fáth a bhfuil gá le cuspóir le haghaidh tine, agus cuireann sé deiseanna ar fáil freisin chun smaoineamh ar na hábhair is féidir a úsáid chun tine a lasadh agus conas a rachaidh roghanna a dhéantar i bhfeidhm ar an gcomhshaol. Trí fhoghlaim gan adhmad fliuch, plaisteach nó ábhair a dhéanann tine dhorcha, deataithe a dhó, foghlaimíonn oideoirí agus leanaí meas a bheith acu ar an tine mar dhúil a thacaíonn lenár riachtanais teasa, solais agus cócaireachta, agus conas a bheith freagrach ó thaobh an chomhshaoil de ag an am céanna.
Conas measúnú tairbhe-riosca a dhéanamh:
Agus tine á cur san áireamh mar chineál cleachtais i do sheirbhís, tá sé tábhachtach tuiscint a fháil ar conas measúnú tairbhe-riosca a dhéanamh, ionas go mbeidh eolas ag oideoirí agus leanaí ar na deiseanna foghlama agus ar conas an díobháil a tharlaíonn le linn na n-eispéireas sin a íoslaghdú. Ní mór duit smaoineamh ar na rioscaí a bhaineann le tine a lasadh le leanaí, agus cad iad na prótacail a chuirfidh tú i bhfeidhm chun an baol go dtarlóidh gortú le linn na n-eispéiris sin a laghdú. Téimis chuig ár saineolaí Niki a leagfaidh amach sampla de mheasúnú tairbhe-riosca agus tine á húsáid i gcleachtas luathbhlianta.