
Spreagann Aistear 2024 muid chun leanaí a fheiceáil mar fhoghlaimeoirí cumasacha muiníneacha, agus cuid den dearcadh sin is ea ligean dóibh rioscaí aoisoiriúnacha a ghlacadh. Ar dtús, déanaimis machnamh ar ár ndearcadh féin ar riosca—an gceapann tú go bhfuil sé spreagúil, strusmhar, nó lán de pháipéarachas? Téann an chaoi a bhraithimid faoin riosca i bhfeidhm ar na heispéiris foghlama agus súgartha a chuirimid ar fáil do pháistí.
Le linn an chúrsa seo, beidh go leor deiseanna agat machnamh a dhéanamh ar do bharúlacha féin maidir le riosca. Trí bheith níos airdeallaí ar ár ndearcadh féin, is féidir linn deiseanna níos saibhre agus níos fiúntaí a chruthú do leanaí chun iniúchadh a dhéanamh agus foghlaim trí riosca, ag teacht le fís Aistear maidir leis an bhfoghlaim spraíúil ghníomhach.
Príomhphointí
- Is féidir riosca a phleanáil, ach uaireanta tarlaíonn sé gan choinne, mar a tharla i gcás an tsíota seo ag an gclaí.
- Ní mór dúinn an leas a bhaineann le heispéireas rioscach a thuiscint, agus gan deireadh a chur leis de bharr eagla.
- Is féidir leat eispéireas an linbh a fheabhsú seachas é a theorannú, trí fhoghlaim conas measúnú riosca a dhéanamh agus an tairbhe a mheas chomh maith leis an riosca.
- Tá sé thar a bheith tábhachtach foghlaim conas na buntáistí a bhaineann le riosca a aithint agus a thuiscint—bíodh sé i gcásanna pleanáilte nó gan choinne. Tugann sé deis dúinn cuidiú le leanaí an leas is mó a bhaint as eispéireas rioscach, díreach mar a rinne Niki nuair a rinne sí an síota a chuimilt go cneasta agus é ag crónán
Tá leibhéal áirithe riosca ag baint le gach gníomh, is cuma cé chomh beag is atá sé. Is minic a dhéantar cailleach an uafáis de rud—áit a ndírímid ar an rud is measa a d'fhéadfadh tarlú, mar go bhfuil imní orainn. Is minic a fhágann sé seo go dtugaimid neamhaird ar an gcás féin, agus dírímid go hiomlán ar na tubaistí féideartha, gan smaoineamh ar a dóchúlacht ná ar na torthaí féideartha go léir.
Doiléiríonn smaointeoireacht thubaisteach an fiúntas a bhaineann leis an súgradh rioscach, mar go ndéantar na buntáistí a cheilt trí áibhéil a dhéanamh ar na contúirtí féideartha. Seachas an rud is measa a shamhlú, ba chóir dúinn an dóchúlacht go dtarlóidh timpistí nó gortuithe i ndáiríre a mheas, rud a ligfeadh dúinn glacadh le gnéithe dearfacha an riosca.
Príomhphointí
Ní gá dúinn imní a bheith orainn faoi shiorcanna sna linnte lapadaíola anseo in Éirinn—ach uaireanta, bíonn sé de nós againn caitheamh le súgradh amuigh faoin aer ar an gcaoi sin!
Bíonn go leor againn aireach inár gcur chuige maidir le súgradh amuigh faoin aer, agus imní mhór orainn faoi shábháilteacht leanaí go minic. Ní haon ionadh é seo—tugtar tús áite do shláinte agus sábháilteacht inár gcultúr, agus uaireanta déantar róchosaint ar leanaí agus bíonn eispéiris theoranta acu dá bharr.
Ach cad faoi féachaint ar riosca as an nua?
An chéad chéim ná stopadh agus machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a mbraithimid féin faoi riosca. An bhfeicimid é mar rud contúirteach, nach bhfuil gá leis—nó mar dheis fáis agus foghlama?
Téann an chaoi a mbraithimid faoi riosca i bhfeidhm go díreach ar a gceadaímid inár gcleachtas. Trí bheith níos airdeallaí faoi seo, is féidir linn tosú ar spásanna amuigh faoin aer a chruthú inar féidir le leanaí taiscéalaíocht a dhéanamh, dúshláin a shárú, agus teacht aniar a chothú—agus iad fós sábháilte agus tacaíocht acu.
San fhíseán seo, déanfaidh Ainm agus Ainm ó Shíolta Óige i nGuaire plé ar an gcur chuige atá acu maidir le súgradh amuigh faoin aer:
Físeán a hAon: Plé ar chur chuige an tsuímh maidir le Súgradh Amuigh faoin Aer