
Le linn na coda seo, rinneamar iniúchadh ar an gcaoi a mbíonn tionchar ag dearcthaí cultúrtha in Éirinn ar an gcaoi a bhfeicimid riosca agus a bhfreagraímid dó sa luath-óige. Táimid tar éis machnamh a dhéanamh ar ár gcreideamh pearsanta, smaointeoireacht bunaithe ar eagla a phlé, agus iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi a dtacaíonn measúnuithe dinimiciúla tairbhe-riosca le cinnteoireacht níos freagrúla le linn súgartha leanaí.
Trí lionsa tairbhe-riosca a úsáid, tosaíonn ár meon ag athrú, ó riosca a sheachaint go dtí a luach i bhfoghlaim agus i bhforbairt leanaí a thuiscint. Tá an cur chuige seo ag teacht go dlúth leis na Príomhphrionsabail: Súgradh, Cleachtas, agus Beartas, a bhfuil ról ríthábhachtach ag gach ceann acu maidir le cultúr fiontraíochta stuama a chothú.
Súgradh
Ní súgradh místuama é súgradh rioscach, tá sé saibhir, fiúntach, agus oiriúnach ó thaobh forbartha de. Tugann sé deis do leanaí a gcumas a thástáil, cinntí a dhéanamh agus teacht aniar a chothú. Nuair a thuigeann oideoirí é seo, bíonn siad ina n-éascaitheoirí taiscéalaíochta seachas ina gcoimeádaithe sábháilteachta.
Cleachtas
Déanann oideoirí atá ar son riosca machnamh domhain ar an gcaoi a dtéann a gcuid gníomhartha agus dearcthaí i bhfeidhm ar eispéireas an linbh. Ní mór dóibh an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Muinín a bheith acu i gcumas an linbh
- Fanacht socair nuair is gá
- Úsáid a bhaint as ceisteanna oscailte in ionad "Bí cúramach!" a rá
- Cinntí a dhéanamh ar an toirt chun tacú le dúshlán sábháilte
Trí chleachtas machnamhach, agus d'aon ghnó, éiríonn leo spás a chruthú haghaidh fáis—do leanaí agus dóibh féin araon.
Beartas
Tá beartas soiléir, tuisceanach de dhíth ar chultúr tacúil fiontraíochta freisin. Is éard is brí leis sin ná:
- Smaointeoireacht tairbhe-riosca a chur i bhfeidhm go daingean i ngnáthaimh laethúla
- Comhráite oscailte a spreagadh i measc na foirne
- Beartais a chruthú a chuireann solúbthacht agus breithiúnas oideoirí ar fáil
Ba cheart go mbeadh beartais ag cabhrú le hoideoirí tacú le súgradh sábháilte agus eachtrúil, seachas srian a chur leis.
“It is better to risk a broken leg than a broken spirit. A leg can always mend. A spirit may not.”
An Bhean Uasal Jane Allen ó Hurtwood

Machnamh
Tá gach duine ag céimeanna difriúla den turas maidir le riosca. Seans go bhfuil imní ar roinnt oideoirí; agus go bhfuil oideoirí eile ar a gcompord. Is é an rud is tábhachtaí ná go bhfuil cumarsáid oscailte ann le do chomhghleacaithe agus leis na leanaí, faoi na cineálacha súgradh rioscach ar féidir libh tacú leo faoi láthair.
Trí mhachnamh a dhéanamh ar an idirghníomhú idir súgradh, cleachtas agus beartas, is féidir linn dul i dtreo timpeallachtaí ina nglactar le riosca mar chuid nádúrtha agus riachtanach den fhoghlaim, agus ní go díreach ar mhaithe lena cheadú.