Ní d'oideoirí agus do theaghlaigh amháin atá an doiciméadú; is bealach cumhachtach é freisin chun fíorluach an oideachais luathbhlianta a léiriú do lucht déanta beartas. Léiríonn taighde go bhfuil cleachtas machnamhach riachtanach i gcomhair oideachas luath-óige ardchaighdeáin (Dalli et al., 2012). Nuair a bhíonn am ag oideoirí chun labhairt, smaoineamh, agus pleanáil le chéile, is féidir leo tuiscint níos fearr a fháil ar fhoghlaim na leanaí agus cinneadh a dhéanamh maidir le conas tacú leis.

Is féidir na heispéiris a chuirimid ar fáil do leanaí gach lá a fheabhsú go díreach dá bharr. Ach gan dóthain ama chun machnamh a dhéanamh, oibriú le chéile, agus foghlaim a dhoiciméadú go fiúntach, bíonn sé i bhfad níos deacra timpeallacht foghlama saibhir, leanbhlárnach a chruthú.

Deir Aistear (2024):

“Is éard a bhíonn i gceist leis an gcleachtas machnamhach ná a bheith ábalta eispéiris a léirmhíniú, tuiscint a fháil orthu agus cur síos a dhéanamh orthu, céard a d’oibrigh go maith agus cén fáth ar éirigh go maith leis agus conas is féidir cur leis. Baineann sé freisin le spás a chruthú chun do chuid braistintí agus mothúchán féin agus cinn na ndaoine eile a aithint – chun sos a ghlacadh, éisteacht agus tuiscint a fháil agus pleanáil do dhul chun cinn na naíonáin, na lapadáin agus na leanaí óga. Cuireann an machnamh timthriall an thabhairt faoi deara, an chothaithe, na freagartha agus an mhachnaimh i gcrích, agus cuirtear tús le próiseas an tabhairt faoi deara arís, ag cur eolais ar cad atá tábhachtach do naíonáin, lapadáin, leanaí óga agus dá dteaghlaigh."

(CNCM, 2024, lch. 35; Leagan Gaeilge)

Molann Wendy Lee go mbeadh am tiomnaithe ag oideoirí gach seachtain chun díriú ar an measúnú agus ar an machnamh—dhá uair an chloig, mar shampla, i dteannta na cruinnithe rialta foirne. Creideann sí go bhfuil sé seo riachtanach agus gur cheart caitheamh leis mar sin, seachas é a fheiceáil mar rud sa bhreis. Cuidíonn an t-am seo le hoideoirí pobal foghlama láidir, machnamhach agus freagrach a chruthú. Má tá measúnú fiúntach agus foghlaim shaibhir do leanaí de dhíth orainn, ní mór dúinn an t-am agus an tacaíocht chuí a thabhairt d'oideoirí chun é a dhéanamh i gceart.

Caithfidh lucht déanta beartas a thuiscint go mbaineann oideachas luath-óige ardchaighdeáin le níos mó ná uirlisí amháin; baineann sé le muinín a bheith againn sna hoideoirí, luach a chur ar a gcuid oibre, agus spás a thabhairt dóibh chun machnamh, comhoibriú, agus doiciméadú a dhéanamh ar na rudaí a bhfuil tábhacht leo.

San fhíseán seo, leagann Wendy Lee béim ar an ról tábhachtach atá ag lucht déanta beartas maidir le tacú le hoideachas luath-óige ar ardchaighdeán. Tugann sí le fios go láidir go dteastaíonn am tiomnaithe ó oideoirí don mhachnamh, don doiciméadú agus don chomhoibriú chun timpeallacht foghlama saibhir agus machnamhach a thógáil.

Machnamh
  • Céard a chuideodh le cultúr machnaimh agus comhoibrithe gairmiúla níos láidre a thógáil i mo shuíomh féin?
  • Cén chaoi a bhféadfainn tuilleadh tacaíochta agus am breise do mheasúnú agus cleachtas machnamhach a éileamh sa ról atá agam?
  • Cén chaoi a bhféadfadh mo dhoiciméadú scéal láidir, spéisiúil é a chur in iúl do thuismitheoirí, do bhainisteoirí nó do chigirí?