Uaireanta bíonn drogall ar roinnt oideoirí tabhairt faoin scríbhneoireacht, go háirithe má bhí drochthaithí acu léi roimhe seo. Is féidir leis seo cur as do dhaoine beagán agus iad ag smaoineamh ar scéalta foghlama a scríobh. Ach mar a mheabhraíonn Wendy Lee dúinn, is scil í an scríbhneoireacht a théimid i dtaithí uirthi—go háirithe nuair a bhíonn foireann tacúil spreagúil thart timpeall orainn. Spreagann Wendy na hoideoirí chun foghlaim le chéile, smaointe a roinnt agus muinín a chothú mar ghrúpa.

Luaitear seo in Aistear (2024), a thacaíonn le hobair foirne agus comhráite machnamhacha idir oideoirí, ag rá go:
“Leagtar béim laistigh den Chreat ar lárnacht an oideora maidir le machnamh a dhéanamh ar spásanna atá sábháilte, ionchuimsitheach, aeistéitiúil, dúshlánach, agus iad a chruthú, chomh maith le múscailtí agus timpeallachtaí chun tacú leis an bhforbairt agus leis an bhfoghlaim iomlánaíoch.”
(CNCM, 2024, lch. 17; Leagan Gaeilge)
Nuair a bhíonn ár gcuid scéalta foghlama á léamh, á roinnt agus á phlé againn, foghlaimímid óna chéile agus téimid ó neart go neart le chéile.
Roineann Wendy comhairle úsáideach agus praiticiúil freisin, amhail gnéithe guth-go-téacs a úsáid ar do ghuthán le cuidiú leat agus tú i mbun scríbhneoireachta ionas go mbeidh sé níos éasca agus níos áisiúla. Ní líon mór scéalta atá uainn, ach scéalta a thógfaidh do chroí. Tá cúpla scéal fiúntach, a léiríonn tréimhsí foghlama saibhre, i bhfad níos cumhachtaí ná leathanaigh lán de nótaí.

San fhíseán seo, insíonn Wendy Lee d’oideoirí go bhfuil an cumas ag gach duine scéalta foghlama fiúntacha a scríobh, fiú mura bhfuil muinín acu as an scríbhneoireacht. Pléann sí cumhacht na comhoibrithe, na cleachtais, agus na straitéisí simplí—cosúil le huirlisí guth-go-téacs—chun tacú le hoideoirí tréimhsí thábhachtacha a léiriú i bhfoghlaim an linbh.

Machnamh
- Céard iad na tuairimí nó ábhair imní atá agam féin maidir le scéalta foghlama a scríobh, agus cá as a dtagann siad?
- An bhfuilim ag díriú ar thréimhsí foghlama thábhachtacha a léiriú, seachas iarracht a dhéanamh gach rud a dhoiciméadú?
- Cén chaoi a n-athraíonn mo chur chuige i leith scríobh scéalta foghlama nuair a dhírím ar an gcuspóir seachas a bheith ar thóir na foirfeachta?